Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla
Ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choinníní
Curfá
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom
Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh
Fear sluaisid’ is láí ar dhá cheann an iomaire
Máistir báid mhóir mé a’ gabháil ród na Gaillimhe
D’fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige
Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad
Nuair a fhaigheann siad an chóir ‘sé is dóichí nach bhfanann siad
Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh
Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnealla
Níl falach i gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnealla
Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille
Nuair a théimse ‘un an chomhra ag comhaireamh an airgid
Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm
Nuair a thiocfas lá breá ‘gus an ghaoth ón bhfarraige
Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla
A chuisle is a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!
Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
Eu não pediria um dote com Sadhbh Ní Bhruinnealla
Mas a cidade de Inishkea permite que os coelhos escapem
Curfá
Ó Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinnealla
Pulso e querido, fuja e vá comigo
Um bom homem em um barco sou um bom remador
O homem da pá 'é o mais fraco em ambas as extremidades do cume
Sou o mestre de um grande barco pela estrada de Galway
Eu molharia nove pés e não tomaria nenhum mar
Mestre de um grande barco para sempre não vou aceitar
Quando recebem o tratamento, provavelmente não vão ficar
Juro nove vezes sobre o grande livro de Barrett
Eu nunca me separaria de Sadhbh Ní Bhruinnealla
Sadhbh Ní Bhruinnealla não está se escondendo em um casco
Mas um velho casaco marrom sem corpo sem manga
Quando vou para a conversa contando o dinheiro
A filha e a esposa estão perdidas de carinho por mim
Quando chega um belo dia e o vento do mar
Vou levar Sadhbh comigo para o cais de Galway
Ó Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinnealla
Pulso e querido, você foi tão bom comigo!