Na Gamhna Geala
Domhnaill Family
'S iad mo chuid gamhna, na gamhna geala
D'ith siad an féar ach chan ólann siad aon bhainne
Snámhann siad anonn is anall ar an Bhanna
Ach char bhfearr leo an lomtrá acu ná an lán mara
Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna
Mailleliú, 's iad mo bhrónsa na gamhna
Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna
O maidin chiúin sa tsamhradh is gan na gamhna agam á seoladh
O, bheirim-se mo mhallacht don tsagart a phós mé
'S an darna mallacht do na bailte móra
Siadsan nár chleacht mé riamh i dtús m'óige
Ach mé ag rinnce ins a' tsamhradh 'gus na gamhna liom a' seoladh
Is beag mo dhúil i gcupaí nó i gcartaí
Fuinneoga gloine agus rúmaí bána
Ba bhíle b'fhearr liom bheith i gcró beag sa tsamhradh
Poll bheith ar a scraith is mé ag éad ar na gamhna
O níorbh fhearr liomsa ribín tharam ná buarach
O níorbh fhearr liomsa locais faoim ná'n luachaire
Píobairí na cruinne 's bíodh a' seinm i mo chluasa
'S go bhfearr liomsa géimneach na ngamhna insa' bhuaillí
Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna
Mailleliú, 's iad mo bhrónsa na gamhna
Híoma bíoma bó, 's é mo bhrónsa na gamhna
O maidin chiúin sa tsamhradh is gan na gamhna agam á seoladh
1
Comentários
Envie dúvidas, explicações e curiosidades sobre a letra
Faça parte dessa comunidade
Tire dúvidas sobre idiomas, interaja com outros fãs de Domhnaill Family e vá além da letra da música.
Conheça o Letras AcademyConfira nosso guia de uso para deixar comentários.
Enviar para a central de dúvidas?
Dúvidas enviadas podem receber respostas de professores e alunos da plataforma.
Fixe este conteúdo com a aula: