Faça login para habilitar sua assinatura e dê adeus aos anúncios

Fazer login
exibições de letras 19

Bríd Thomáis Mhurchadha

Téada

'S, a Bhideach na gcarad
Tuig feasta nach súgradh é
Ó thug mo chroí gean duit
Ar mhalairt ná diúltaigh mé
Má shíl tú mé 'mhealladh
Le bladar deas ciúin do bhéil
Ach go dtug mise gean duit
Seachas cailíní deas an tsaoil

'S, a Bhríd Thomáis Mhurcha
Molaimse an barr leat féin
Ar ghile, ar fhinne
Ar dheise 'gus áille méin
Tá a cúilín deas triop'llach
'S í fite mar thrilseán óir
'S an té a bheadh gan amharc
Go dtabharfadh sé soilse dó

Rachad go Gaillimh
Go gceannaí mé gairdín úll
Loingeas ar farraig' le haghaidh
Bheith a' déanamh spóirt
'Filleadh ó Shligeach dom
'Gus leid bheag 'fháil do m'chomhair
'S ní chónóinn fá bhealach
Go mblaisfinn de phóg mo stóir

Má bhí mise folamh
Dar m'fhocal, ba mhór a' scéal
Is a liachtaí bean deas
A thug taitneamh do ghlór mo bhéil
Dá mbeadh sé 'g cur seaca
'G cur sneachta i ngach ceard den spéir
Ach tusa a bheith i m'aice
Ní aireoinnse buaireamh an tsaoil

'S, a Aonmhac Mhuire
'Chuir an cuileann tríd a' bhféar a' fás
Nach mise an trua Mhuire
'S mé a' caill' lúth na ngéag le grá?
Ach má tá sé 'nár gcinniúint
Nach féidir dúinn a chéile 'fháil
Bíodh tusa 'do choinneal
'S beidh mise i m'fhéileacán

Adicionar à playlist Tamanho Cifra Imprimir Corrigir Enviar tradução

Comentários

Envie dúvidas, explicações e curiosidades sobre a letra

0 / 500

Faça parte  dessa comunidade 

Tire dúvidas sobre idiomas, interaja com outros fãs de Téada e vá além da letra da música.

Conheça o Letras Academy

Enviar para a central de dúvidas?

Dúvidas enviadas podem receber respostas de professores e alunos da plataforma.

Fixe este conteúdo com a aula:

0 / 500

Posts relacionados Ver mais no Blog


Opções de seleção